Agus adeir an Spiorad agus an bhean óg nua‐phósta, Tar. Agus an té éisteas, abradh sé, Tar. Agus an té go bhfuil tart air, tagadh sé: an té gur ab áil leis é, glacadh sé uisce na beathadh i n‐aisce.
Lúcás 14:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt seisean leis, Thug duine féasta mór; agus thug sé cuireadh do mhórán; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt sé leis, “Bhí fleá mhór ag fear aon uair amháin, agus thug sé cuirí do mhórán daoine; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt seisean leis: Rinne duine áirithe suipéar mór, agus thug sé cuireadh do mhórán, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt seision rís, Do rinne duine áirighe suipéir mhór, agus do ghoir sé mórán: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt seisean leis: Do dhein fear féasda mór, agus thug sé cuireadh d’á lán daoine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leis: “Bhí fear ann agus dinnéar mór aige dá thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leis: “Bhí fear ann agus dinnéar mór aige á thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán. |
Agus adeir an Spiorad agus an bhean óg nua‐phósta, Tar. Agus an té éisteas, abradh sé, Tar. Agus an té go bhfuil tart air, tagadh sé: an té gur ab áil leis é, glacadh sé uisce na beathadh i n‐aisce.
Féach, atáim im’ sheasamh ag an doras ag bualadh: má éisteann aon duine lem’ ghuth, agus an doras d’fhoscailt, tiocfad isteach chuige, agus íosad suipéar i n‐éinfheacht leis, agus íosaidh seisean i n‐éinfheacht liom‐sa.