Nuair bhíos an spioraid neamh‐ghlan imthighthe as an duine, gluaiseann sí tré áiteannaibh tiorma ar lorg suaimhnis: agus nuair nach mbíonn sin le fágháil aici, adeir sí, Fillfead chum mo thighe as a dtáinig mé amach.
Lúcás 11:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí an teach scuabtha, deisighthe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a thagann sí go dtí é, faigheann sí scuabtha curtha faoi réir é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a thig sé, gheibh sé scuabtha agus cóirighthe é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar dtachd dó, do gheibh sé ar na sgúabadh agus ar na dheaghmhaisioghadh é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a thagann sé gheibheann sé an thigh sguabtha glan órnáideach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ar theacht dó, faigheann sé scuabtha, maisithe é. An Bíobla Naofa 1981 Agus ar theacht dó, faigheann sé scuabtha, maisithe é. |
Nuair bhíos an spioraid neamh‐ghlan imthighthe as an duine, gluaiseann sí tré áiteannaibh tiorma ar lorg suaimhnis: agus nuair nach mbíonn sin le fágháil aici, adeir sí, Fillfead chum mo thighe as a dtáinig mé amach.
Imthigheann sí annsin agus do‐bheir sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin; agus téid siad‐san isteach agus do‐ghní siad cómhnaidhe ann: agus is measa staid an duine sin sa deireadh ’ná do bhí a chéad staid.