Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Filéamón 1:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus chum Apfia, ár siur, agus chum Archippuis ár gcómh‐shaighdiúir, agus chum na h‐eaglaise atá id’ thigh:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

agus chuig Afia ár siúr agus ár gcomrádaí cogaidh Arcipus, agus chuig an eaglais atá i do theach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus chum Apphia ghrádhach, agus chum Archippuis ar gcoimhfhior coguidh, agus chum ne heaglaisi atá ad thigh:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Archapas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Airchipeas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat.

Féach an chaibidil



Filéamón 1:2
7 Tagairtí Cros  

Cuirim fá bhur gcomairce Foíbé ár siúr, baindeochan na h‐eaglaise i gCenchréa:


acht eaglaisí na gCineadhach go léir: agus beannuighidh do’n eaglais atá ’n‐a dtigh. Beannuighidh d’Epénatus, mo chara ionmhain, céad‐thoradh na h‐Áise do Chríost.


Beannuigheann eaglaisí na hÁise dhaoibh. Beannuigheann Acuila agus Prisca go croidheamhail daoibh san Tighearna, i n‐éinfheacht leis an eaglais atá ’n‐a dtigh.


Acht do cheapas gur riachtanach Epafróditus, bráthair, agus chómh‐oibridhe, agus cómhshaighdiúir liom, agus bhur dteachtaire‐se, agus an fear d’fhóir orm i n‐am mo ghátair, do chur chugaibh:


Beiridh beannacht chum na mbráthar atá i Laodicia, agus chum Nimfa, agus chum na h‐eaglaise atá ’n‐a tigh.


Agus abraidh le hArchippus, Tabhair aire do’n mhiniostrálacht fuairis ó’n Tighearna, chum go gcóimhlíonfair í.