Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 6:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go bhfeicfidh t’Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

ionas nach bhfeice na daoine do throscadh ach go bhfeice dʼAthair a bhíos faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Chun nach bhfeicthear do dhaoine, acht do d’Athair atá i bhfolach, thú a bheith ag déanamh troscaidh; agus d’Athair, atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat é.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus nigh t’aghaidh; i dtreo nach bhfeicfidh na daoine go bhfuilir id’ throscadh, acht go bhfeicfidh t’Athair, atá fá cheilt, thú: agus t’Athair do‐chí a bhfuil fá cheilt, cúiteochaidh seisean leat.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Do chum nach budh follas dona dáoinibh go ndéanann tú trosgadh, achd dod Athair atá a bhfolach: agus do bhéuraidh Hathair, do chí a bhfolach, lúaidheachd dhuit ós aírd.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag dʼAthair atá i láthair faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag d'Athair atá i láthair faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.

Féach an chaibidil



Matha 6:18
8 Tagairtí Cros  

Ionus go mbeadh do dhéirc fé cheilt, agus go dtabharfadh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.


Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.