Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid.
Matha 28:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do ghlacadar-san an t-airgead, agus dheineadar mar a dubhradh leó. Agus tá an sgéal san leathta a measg na n-Iúdach go dtí an lá indiu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar sin ghlac siad leis an airgead uathu agus rinne siad mar a bhí ordaithe dóibh; agus tá an scéal sin scaipthe i measc na nGiúdach go dtí an lá seo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghlac siad-san an t-airgead, agus rinne siad mar dubhradh leo. Agus leathnuigheadh an scéal sin imeasc na n-Iúdach go dtí an lá atá indiu ann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do ghlacadar‐san an t‐airgead, agus do‐rinneadar fá mar adubhradh leo: agus do leath an scéal sin i measc na nIúdach go dtí an lá indiu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar nghabháil an airgid dóibhsion, do rinneadar mar do múineadh dhoibh: agus aithrisdior an glorsa a measg na Níuduigheadh go soithe an lá a niugh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ghlac siad an t-airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal dá reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu. An Bíobla Naofa 1981 Ghlac siad an t‑airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal á reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu. |
Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid.
Mar gheall air sin do tugadh ar an bpáirc sin Haceldama, ’sé sin, Páirc na fola, go dtí an lá so.
Ach chómh luath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh’innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nár fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé lasmuigh ins na h-áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird.