Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás?
Matha 24:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do chuaidh Íosa amach as an dteampul, agus bhí sé ag imtheacht; agus tháinig a dheisgiobuil chuige ag taisbeáint oibreacha an teampail dó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼfhág Íosa an teampall agus bhí sé ag imeacht, nuair a tháinig a dheisceabail a thaispeáint fhoirgnimh an teampaill dó. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar theacht amach as an teampall do Íosa, bhí sé ag imtheacht, agus tháinic a dheisciobail chuige a thaisbeáint tighthe an teampaill dó. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’imthigh Íosa ó’n teampall, agus do bhí sé ag dul ar a bhóthár; agus tháinig a dheisceabail chuige le foirignighthe an teampaill do thaisbeánadh dhó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfagbháil an teampuill Diósa, do ímthigh sé: agus tangadar a dheisciobuil chuige do thaisbéanadh oibreach an teampuill dhó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuaigh Íosa amach as an Teampall ag imeacht roimhe agus tháinig a dheisceabail chuige dʼfhonn foirgnimh an Teampaill a thabhairt dá aire. An Bíobla Naofa 1981 Chuaigh Íosa amach as an Teampall ag imeacht roimhe agus tháinig a dheisceabail chuige d'fhonn foirgnimh an Teampaill a thabhairt dá aire. |
Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás?
Óir adeirim libh, ní fheicfidh sibh mise feasda go n-abraidh sibh: Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna.
Agus dubhairt na Iúdaigh: Sé bliana agus dachad a bhítheas ag cur an teampail seo suas, agus cuirfir-se suas é i n-aon trí lá amháin?