Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Chuaigh Íosa amach as an Teampall ag imeacht roimhe agus tháinig a dheisceabail chuige d'fhonn foirgnimh an Teampaill a thabhairt dá aire.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Dʼfhág Íosa an teampall agus bhí sé ag imeacht, nuair a tháinig a dheisceabail a thaispeáint fhoirgnimh an teampaill dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus ar theacht amach as an teampall do Íosa, bhí sé ag imtheacht, agus tháinic a dheisciobail chuige a thaisbeáint tighthe an teampaill dó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus d’imthigh Íosa ó’n teampall, agus do bhí sé ag dul ar a bhóthár; agus tháinig a dheisceabail chuige le foirignighthe an teampaill do thaisbeánadh dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ar bhfagbháil an teampuill Diósa, do ímthigh sé: agus tangadar a dheisciobuil chuige do thaisbéanadh oibreach an teampuill dhó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do chuaidh Íosa amach as an dteampul, agus bhí sé ag imtheacht; agus tháinig a dheisgiobuil chuige ag taisbeáint oibreacha an teampail dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Chuaigh Íosa amach as an Teampall ag imeacht roimhe agus tháinig a dheisceabail chuige dʼfhonn foirgnimh an Teampaill a thabhairt dá aire.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:1
11 Tagairtí Cros  

Dúirt Irimia mar sin le Saráiá: “Nuair a thiocfaidh tú don Bhablóin, déan cinnte de go léifidh tú amach na briathra seo go léir.


Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim, ar eagla go n‑iompóinn uait, agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.


Dúirt sé liom: “A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.”


Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!


Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”


Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh mé as seo amach go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.’ ”


Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí