D’á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aon fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é.
Matha 19:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi, agus beid siad ’n-a mbeirt i n-aon feóil. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus go ndúirt, ‘Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, agus déanfar aon den dís?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar seo fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi, agus béidh an bheirt ina n-aon cholainn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar an adhbhar sin, fágfaidh fear a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‐a mhnaoi; agus béidh an bheirt ’n‐a n‐aon fheoil amháin? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus go ndubhairt sé, Ar a nadhbharsafúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus ceangalfuidh sé dhá mhnáoi: agus béid a ráon na neinfhéoil a mhain? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus go ndúirt: ‘Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun a bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’ An Bíobla Naofa 1981 agus go ndúirt: ‘Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’ |
D’á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aon fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é.