Agus deirim airís libh é: Is usa do chamal gabháil tré chró snáthaide ’ná do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas.
Matha 19:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair airigh na deisgiobuil an méid sin tháinig árd-iongnadh ortha, agus dubhradar: Má ’seadh, cé fhéadfaidh dul saor? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuala na deisceabail sin bhí iontas mór orthu, agus iad á rá, “Cé mar sin is féidir a shlánú?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar a chluinstin sin do na deisciobail, bhí iongantas mór ortha, agus dubhairt: Má’s eadh, cé h-é ar féidir a shlánughadh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do‐chuala na deisceabail sin, do ghabh iongnadh mór iad, agus adubhradar, Má’s eadh, Cia h‐é gur féidir a shlánú? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na chlos so dá dheisciobluibh, do ghabh iongnadh mór íad, ag rádh, Ar a nadhbharsin cía is éidir do shlánughadh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar a chloisteáil sin do na deisceabail, ghabh iontas mór iad agus dúirt siad: “Cé is féidir a shlánú más ea?” An Bíobla Naofa 1981 Ar a chloisteáil sin do na deisceabail, ghabh iontas mór iad agus dúirt siad: “Cé is féidir a shlánú más ea?” |
Agus deirim airís libh é: Is usa do chamal gabháil tré chró snáthaide ’ná do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas.
D’fhéach Íosa ortha agus dubhairt sé: Ní féidir so do dhaoine; ach is féidir le Dia gach nídh.
Agus mura gciorruightí na laethanta san ní bheadh dul as ag feóil ar bith; Ach ciorrófar na laethanta san ar son na bhfíoraon.
Agus mura gcioruigheadh an Tighearna na laethanta ní bheadh dul as ag feóil ar bith; ach ar son na bhfíoraon atá toghtha aige do chioruigh sé na laethanta.