Siniad a shailigheann an duine; Agus ní bia a dh’ithe gan lámha do níghe a shailigheann an duine.
Matha 15:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir is amach as an gcroidhe a thagaid droch-smuínte, dúnmharbhadh, adhaltranas, striapachas, gadaidheacht, leabhair éithigh, diamhasla; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar is iad a thagas as an gcroí na drochsmaointe, an dúnmharú, an t‑adhaltranas, an drúis, an ghadaíocht, an fhianaise bhréige, an t‑ithiomrá. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir is ó’n chroidhe a thig droch-smaointe, dúnmharbhadh, adhaltranas, drúis, gadaidheacht, fiadhnaise bhréige, diamhasla; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir is as an gcroidhe amach thig droch‐smaointe, dúnmharbhadh, adhaltrannas, scriapachas, gadaidheacht, fiadhnaise éithigh, dia‐mhasladh: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír as an gcroidhe thigid na drochsmuaintighthe, dúnmarbhadh, adhaltrannas, stríopachas, gaduidheachd fíaghnuisighe bréige, blaisphemighe: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí. An Bíobla Naofa 1981 Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí. |
Siniad a shailigheann an duine; Agus ní bia a dh’ithe gan lámha do níghe a shailigheann an duine.
Ach deirim-se libh, an t-é fhéachfaidh ar mhnaoí le dúil sa droch-ghníomh, go bhfuil peacadh an adhaltranais déanta cheana aige léi i n-a chroidhe féin.
Agus ó chonaic Íosa na smuínte a bhí acu, dubhairt sé: Cad chuige dhaoibh na droch-smuínte bheith i nbhúr gcroidhthibh agaibh?
Déin aithríghe, d’á bhrígh sin, sa n-olc so atá déanta agat, agus iarr ar Dia, féachaint an maithfí dhuit an smuíneamh so a tháinig ad chroidhe.