Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge.
Matha 10:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ná bíodh ór ná airgead ná saidhbhreas i dtaisge agaibh i nbhúr gcrios. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ná hiompraígí airgead buí, geal ná rua faoi bhur gcriosanna. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ná soláthruighigidh ór, ná airgead geal, ná airgead ruadh i bhur gcriosa, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ná soláthruighidh ór, ná airgead, ná prás i n‐bhúr gcreasaibh; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Na soláthruigh ór, na airgead, na úmha in bhur gcreasaibh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ná cuirigí chugaibh ór ná airgead geal ná airgead rua in bhur gcrios, An Bíobla Naofa 1981 Ná cuirigí chugaibh ór ná airgead geal ná airgead rua in bhur gcrios, |
Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge.
Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaidh ’n-a mbeirt a’r ’n-a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe.
Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh?