Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 5:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Nuair a stad sé de’n chaint dubhairt sé le Símón: Gluais amach fé’n bpoll agus cuiridh amach bhúr líonta chun éisg a tógaint.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus nuair a bhí deireadh ráite aige, dúirt sé le Síomón, “Cuir amach ar an doimhneacht, agus ligigí síos bhur líonta le gabháil.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht nuair a stad sé de chainnt, dubhairt sé le Síomon: Cuir amach ar an doimhneacht, agus leigigidh síos bhur n-eangacha chun gabhála.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair do bhí deireadh ráidhte aige, adubhairt sé le Síomón, Buail amach ar an doimhneacht, agus tabhraidh dol eangaighe ag iascach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus mar do sguir sé do labhairt, a dubhairt sé ré Símón, Déunuigh romhaibh ar an ndubhaigéun, agus leigidh sios bhir líontagh chum gabhála.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón: “Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón: “Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.”

Féach an chaibidil



Lúcás 5:4
3 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: A Mháighistir, tá an oidhche caithte againn ag obair, agus níor thógamair aon nídh; ach ó deirir-se é sgaoilfad amach an líon.


Dubhairt sé leó: Cuiridh an líon amach an dheis na luinge agus geóbhaidh sibh. Chuireadar; agus láithreach bhí ag teip ortha an líon do tharang isteach, bhí oiread san iasg ann.