Agus bhí sa tsinagóig acu duine go raibh spioraid neamhghlan istigh ann, agus do liúigh sé amach:
Lúcás 4:33 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí sa tsinagóig duine n-a raibh deamhan neamhghlan ann, agus do ghlaoidh sé do ghuth árd, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí fear sa tsionagóg a raibh sprid deamhain neamhghlain ann; agus ghlaoigh sé in ard a chinn, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí san tsineagóig duine ina raibh deamhan neamhghlan, agus scairt sé de ghuth árd, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí duine sa tsionagóig ’n‐a raibh spioraid deamhain neamh‐ghlain; agus do ghlaodh sé amach de ghuth árd, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí neach ann sa tsionagóig, ann a raibh spiorad deamhuaighe neamhghlan, agus do éigh sé do ghúth mhór, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard: An Bíobla Naofa 1981 Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard: |
Agus bhí sa tsinagóig acu duine go raibh spioraid neamhghlan istigh ann, agus do liúigh sé amach:
Agus chuireadh a theagasg eagla ortha, mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige.
Agus dubhairt: leig dúinn; cad í an bhaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An chun sinn a mhilleadh do tháinís? Tá ’fhios agam ce h-é thu, Aon Naomhtha Dé.