Dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, anocht féin, sar a nglaoidhfidh an coileach, séanfair-se mise trí h-uaire.
Lúcás 22:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach dubhairt seisean: Deirim leat, a Pheadair, ná glaoidhfidh an coileach indiu go séanair-se trí h-uaire aon aithne bheith agat orm. Agus dubhairt sé leó: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ar seisean leis, “Insím duit, a Pheadair, nach scairtfidh an coileach an mhaidin seo, go séanfaidh tú faoi thrí go bhfuil aithne agat orm.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt seisean: Deirim leat, a Pheadair, nach scairtfidh an coileach indiu, nó go séanaidh tú trí h-uaire go bhfuil aithne agat orm. Agus dubhairt sé leo: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean, Adeirim leat, a Pheadair, nach nglaodhfaidh an coileach indiu, go séanfair trí h‐uaire aon aithne do bheith agat orm. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt séision, A deirim riot, a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séanna tú trí húaire go bhfuil aithne agad oramsa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.” An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.” |
Dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, anocht féin, sar a nglaoidhfidh an coileach, séanfair-se mise trí h-uaire.
Ansan do chrom sé ar a dheimhniú agus ar a dhearbhú ná raibh aon aithne aige ar an nduine. Agus le n-a linn sin do ghlaoidh an coileach.
Agus dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, sa lá so againn, anocht féin, séanfair mé fó thrí sar a nglaoidhfidh an coileach an tarna h-uair.
Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, táim ollamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis.
Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh?
Agus d’iompuigh an Tighearna agus d’fhéach sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt an Tighearna: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfir-se mise trí h-uaire.
D’fhreagair Íosa é: Tabharfair t’anam ar mo shon? Go deimhin, deimhin, adeirim leat, ní ghlaodhfaidh an coileach sar a séanfair trí h-uaire mé.