Óir do chuir an chuid eile ann as a bhflúirse, ach do chuir sí seo ann, d’á dealbhas, a raibh aici, a cuid an tsaoghal.
Lúcás 21:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir is d’á n-iomarca a chuireadar san go léir rud isteach i dtabharthas Dé, ach is d’á h-uireasba a chuir sí seo isteach rud, a raibh an tsaoghal aici. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) mar thug siadsan fuílleach a bhfairsingeachta, ach chuir sise isteach beo a bochtaineachta agus a raibh aici ar an saol.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir chuir siad-san uilig isteach as a bhflúirse i dtabhartaisí Dé; acht as a gannchuid, chuir sí seo isteach a raibh aice de’n tsaoghal. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) óir is d’á n‐acfuinn do chuireadar‐san uile rud isteach i gcionn na dtabhartas: acht is d’á ganntanas do chuir sise isteach a raibh san tsaoghal aici. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oir is do niomarcuidh atá aca, thugheadar so uile tiodhlaice do Dhía: achd do chuir sisi da bochdachd féin a beatha uile ann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 óir is cuid den iomarca a bhí acu a chuir siad siúd uile isteach sna hofrálacha chun Dé, ach chuir sise isteach as a huireasa a raibh den saol aici.” An Bíobla Naofa 1981 óir is cuid den iomarca a bhí acu a chuir siad siúd uile isteach sna hofrálacha chun Dé, ach chuir sise isteach as a huireasa a raibh den saol aici.” |
Óir do chuir an chuid eile ann as a bhflúirse, ach do chuir sí seo ann, d’á dealbhas, a raibh aici, a cuid an tsaoghal.
Agus dubairt an mac ab óige acu le n’athair, A athair, tabhair dómh-sa an méid atá ag dul dom de d’chuid, agus do rainn sé an chuid eatartha.
Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, do chuir an bhaintreach bhocht san níos mó isteach ’ná mar a chuir an chuid eile go léir.
Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é teipithe ortha í leigheas;
Agus ní raibh aoinne ortha a bhí i ngátar. Mar, an mhuinntir ’n-a raibh talamh nú tighthe acu, do dhíolaidís iad agus thugaidís isteach an méid a gheibhdis ortha,