Agus tabharfaidh an dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t-athair a mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n-athar agus a máthar agus básóchaid siad iad.
Lúcás 21:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tabharfaid bhúr n-aithreacha agus bhúr máithreacha suas d’bhúr namhaid sibh, agus bhúr ndriotháracha, agus bhúr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaibh chun bháis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Beidh sibh do bhur dtabhairt suas go fiú ag bhur dtuismitheoirí agus ag bhur gcairde, agus beifear ag cur cuid agaibh chun báis; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus braithfidh aithreacha agus máithreacha agus bráithre agus gaolta agus cáirde sibh, agus cuirfidh siad cuid agaibh chun báis, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht braithfidh bhúr n‐aithreacha agus bhúr máithreacha féin, agus bhúr ndearbhráithreacha, agus bhúr ngaolta, agus bhúr gcáirde sibh; agus cuirfidh siad cuid agaibh chum báis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus braithfidhthear sibh fós ó bhar naithreachaibh agus ó bhar maithreachaibh, agus ó bhar ndearbhráithreachaibh, agus ó bhar ngáoltuibh, agus ó bhar gcáirdibh; agus do bhéaruid fá deara cuidh dhibh do chur chum báis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh, An Bíobla Naofa 1981 Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh, |
Agus tabharfaidh an dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t-athair a mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n-athar agus a máthar agus básóchaid siad iad.
Óir déanfaidh an dritháir feall báis ar a dhritháir, agus an t-athair ar a mhac; agus eireóchaidh an chlann i n-aghaidh a n-athar agus a máthar, agus imireóchaid siad bás ortha.
Deighilfar an t-athair i n-aghaidh an mhic agus an mac i n-aghaidh a athar; an mháthair i n-aghaidh na h-inghíne agus an inghean i n-aghaidh na máthar; an mháthair céile i n-aghaidh mná an mhic agus bean an mhic i n-aghaidh máthar a céile.
Óir tabharfad-sa dhaoibh béal agus eagna ná féadfaid bhúr namhaid go léir cur ’n-a gcoinnibh ’ná labhairt ’n-a gcoinnibh.
Ansan do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé, do ghuth árd: A Thighearna ná cuir an peaca so i leith na ndaoine seo! Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do thuit a chodla air sa Tighearna. Agus bhí Saul toilteanach chun a bháis.