Agus do thóg uachtaráin na sagart na píosaí airgid agus dubhradar: Ní ceart iad do chur sa chorbóna, mar is airgead fola iad.
Lúcás 21:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí sé ag féachaint ar na daoine a bhí saidhbhir agus iad ag cur a dtabharthas isteach sa chiste. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Thóg sé a shúile ansin go bhfaca sé na daoine saibhre ag cur a mbronntanas sa chiste; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ag amharc dó, chonnaic sé na daoine saidhbhre ag cur a dtiodhlaicthe isteach san chiste. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ag féachain dó, do chonnaic sé na daoine saidhbhre agus iad ag cur a dtabhastas isteach sa gciste. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ag féuchain dó, do chunnairc sé na dáoine saidhbhre ag cur a dtiodhreadh a náit coimhéuda an chisde. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ag breathnú suas dó, chonaic sé na daoine saibhre ag cur a n-ofrálacha isteach sa chiste. An Bíobla Naofa 1981 Ag breathnú suas dó, chonaic sé na daoine saibhre ag cur a n‑ofrálacha isteach sa chiste. |
Agus do thóg uachtaráin na sagart na píosaí airgid agus dubhradar: Ní ceart iad do chur sa chorbóna, mar is airgead fola iad.
Sloigid siad tighthe na mbaintreach, ’ghá leigint ortha úrnuighthe fada do rádh. Isiad a gheobhaidh an daor-bhreith is troime.
Do labhair Íosa na focail sin i n-áit choimeádtha an chiste, agus é ag teagasg sa teampul; agus níor rug aoinne air, mar ní raibh a thráth tagaithe fós.