Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus,
Lúcás 19:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, bhí fear ann agus Sacaeus ab ainim dó, agus bhí sé i n’uachtarán ar na puibliocánaigh, agus duine saidhbhir ab eadh é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí fear ann a raibh Sacéus mar ainm air; bhí sé ina ardbhailitheoir cánacha, agus é saibhir. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, bhí fear ann darbh ainm Sacheus, a bhí ina uachtarán ar na puibliocánaigh, agus bhí sé saidhbhir. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, do bhí fear ann darbh ainm Sacchéus; agus do bhí sé ’n‐a cheann‐phoibleacán, agus do bhí sé saidhbhir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, do bhí duine áirighe ann dár bhainm Sachéus, do bhi na úachdarán air na publiocáin, agus do bhí sé saidhbhir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus fear darbh ainm Zacháias a bhí ina cheannphoibleacánach agus é saibhir, An Bíobla Naofa 1981 Agus fear darbh ainm Zacháias a bhí ina cheannphoibleacánach agus é saibhir, |
Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus,
Agus bhí sé a d’iarraidh Íosa dh’fheisgint, eadhon, Cé’r bh’é, agus do theip sé air mar gheall ar an sluagh, mar firín íseal ab eadh é.
Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d’fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad’ thigh-se a chaithfead-sa stad indiu.