Réidhtigh le t’eascaraid go luath, an fhaid ataoí i n-aonfheacht leis sa tslígh, le h-eagla go dtabharfadh an t-eascara suas tu do’n bhreitheamh, agus go dtabharfadh an bhreitheamh suas d’á ghiolla thu, agus go gcurfaí sa charcair thu.
Lúcás 18:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí baintreach sa chathair chéadna, agus tháinig sí chuige agus dubhairt sí: Dein díoghaltas dom ar mo namhaid. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus bhí baintreach sa chathair úd a bhíodh ag teacht chuige agus á rá leis, ‘Tabhair mo cheart dom in aghaidh mo namhad.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí baintreabhach áirithe san chathair sin, agus thigeadh sí chuige, ag rádh: Déan ceart liom ar mo eascaraid. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do bhí baintreabhach sa gcathair sin; agus is minic do thigeadh sí chuige, g‐á rádh, Déan ceart dom ar mo námhaid. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí baintreabhach áirighe ann sa chathruighsin noch tháinic chuige, ag rádh, Cóirigh mé air measgcaruid. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí baintreach sa chathair sin freisin agus bhíodh sí ag teacht chuige, ag rá: ‘Déan ceart dom in aghaidh fhear mo chúisithe,’ An Bíobla Naofa 1981 Bhí baintreach sa chathair sin freisin agus bhíodh sí ag teacht chuige, ag rá: ‘Déan ceart dom in aghaidh fhear mo chúisithe,’ |
Réidhtigh le t’eascaraid go luath, an fhaid ataoí i n-aonfheacht leis sa tslígh, le h-eagla go dtabharfadh an t-eascara suas tu do’n bhreitheamh, agus go dtabharfadh an bhreitheamh suas d’á ghiolla thu, agus go gcurfaí sa charcair thu.
Agus dubhairt sé: Bhí breitheamh i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé air ná beann ar dhaoine aige.
Agus ní déanfadh ar feadh abhfad. Ach ’n-a dhiaidh san dubhairt sé i n’aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam,
sa n-am gcéadna, ó tá an bhaintreach so a’m buaireamh déanfaidh mé ceart di, i dtreó ná beidh sí ag teacht choídhche go mbead ciapaithe aici.