Agus bhí baintreach sa chathair chéadna, agus tháinig sí chuige agus dubhairt sí: Dein díoghaltas dom ar mo namhaid.
Lúcás 18:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé: Bhí breitheamh i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé air ná beann ar dhaoine aige. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is é a dúirt sé, “Bhí cathair ann a raibh breitheamh ann gan eagla air roimh Dhia ná aird aige ar dhuine; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: Bhí breitheamh ann i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé ann ná áird ar dhuine aige. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) g‐á rádh, Do bhí breitheamh i gcathair áirithe, fear nach raibh eagla Dé sir ná beann ar dhaoinibh aige: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, Do bhí breitheamh áirighe a gcathraigh áirghe, air nach raibh eagla Dé, agus ag nach raibh onoír do dhuine: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige. An Bíobla Naofa 1981 “Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige. |
Agus bhí baintreach sa chathair chéadna, agus tháinig sí chuige agus dubhairt sí: Dein díoghaltas dom ar mo namhaid.
Agus ní déanfadh ar feadh abhfad. Ach ’n-a dhiaidh san dubhairt sé i n’aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam,
Ansan dubhairt tighearna an fhíonghuirt: Cad a dhéanfad? Cuirfead chúcha mo mhac dílis féin; b’fhéidir nuair a chífid siad é sin go mbeidh uraim acu dhó.