Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 16:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do ghlaoidh sé chuige, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine, an mhuintir go raibh fiacha agá mháighistir ortha, agus dubhairt sé leis an gcéad duine: An mór atá agam’ mháighistir ort?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mar sin, chuir sé fios ar fhéichiúnaithe a mháistir ina nduine agus ina nduine, agus dʼfhiafraigh sé den chéad duine acu a tháinig, ‘Cé mhéid atá ag mo mháistir ort?’

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ar an adhbhar sin ghoir sé chuige gach aoinneach de fhiachamhnaigh a thighearna, agus dubhairt sé leis an chéad duine: Cá mhéad atá ag mo thighearna ort-sa?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus ag glaodhach gach duine chuige go raibh fiacha ag a thighearna ortha, adubhairt sé leis an gcéad duine, Cá mhéid atá ag mo thighearna ort?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar ngairm gach aóin leith dar dhligh a thighearna fiacha, a dubhairt sé ris an gcéd fhear, Gá mhéad a dhligheas mo thighearna dhíot?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: ‘Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: ‘Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’

Féach an chaibidil



Lúcás 16:5
6 Tagairtí Cros  

Agus nuair a thosnuigh sé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant aige air.


D’imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach, agus do casadh air cómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé ’ghá thachtadh, agus ’ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort.


Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n-ár n-aghaidh.


Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé.


Agus dubhairt seisean: Céad bairille oíle. Agus dubhairt sé leis: Tóg do bhille láithreach agus suidh ansan, agus sgríbh caogad bairille.