Matha 18:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)28 D’imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach, agus do casadh air cómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé ’ghá thachtadh, agus ’ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)28 Ach nuair a bhí an seirbhíseach céanna ag imeacht, tharla sé ar dhuine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige air; agus rug sé ar sceadamán air agus ar seisean, ‘Íoc a bhfuil dʼfhiacha agam ort’ Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara28 Acht nuair a chuaidh an seirbhíseach sin amach, fuair sé duine dá chóimhsheirbhísigh a raibh céad pighinn aige air: agus rug sé greim air, agus fuair greim scórnaighe air, ag rádh: Díol do chuid fiach. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)28 Acht do chuaidh an seirbhíseach sin amach, agus fuair sé duine d’á chóimh‐sheirbhíseachaibh go raibh céad pingin aige air; agus ag breith ar scórnach air, adubhairt sé, Íoc liom a bhfuil agam ort. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)28 Agus ag dul a mach don tsearbhfhoghantuigh úd, fuáir sé áon dá choimhshearbhfhoghantuidhibh féin, dar dhligh sé céd phighinn: agus ar na fhosdadh, rug sé ar sgórnuigh aír, ag rádh, Díol rium an ni dhligheas tú. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201228 Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’ Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198128 Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’ Féach an chaibidil |