Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 18:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Acht do chuaidh an seirbhíseach sin amach, agus fuair sé duine d’á chóimh‐sheirbhíseachaibh go raibh céad pingin aige air; agus ag breith ar scórnach air, adubhairt sé, Íoc liom a bhfuil agam ort.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Ach nuair a bhí an seirbhíseach céanna ag imeacht, tharla sé ar dhuine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige air; agus rug sé ar sceadamán air agus ar seisean, ‘Íoc a bhfuil dʼfhiacha agam ort’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Acht nuair a chuaidh an seirbhíseach sin amach, fuair sé duine dá chóimhsheirbhísigh a raibh céad pighinn aige air: agus rug sé greim air, agus fuair greim scórnaighe air, ag rádh: Díol do chuid fiach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus ag dul a mach don tsearbhfhoghantuigh úd, fuáir sé áon dá choimhshearbhfhoghantuidhibh féin, dar dhligh sé céd phighinn: agus ar na fhosdadh, rug sé ar sgórnuigh aír, ag rádh, Díol rium an ni dhligheas tú.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 D’imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach, agus do casadh air cómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé ’ghá thachtadh, agus ’ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:28
15 Tagairtí Cros  

Agus do ghabh truagh mhór an tighearna do’n tseirbhíseach sin, agus do scaoil sé saor é, agus do mhaith sé na fiacha dhó.


Agus do chaith a chóimh‐sheirbhíseach é féin roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, Déan foighid liom, agus íocfad thú.


Agus nuair do réidhtigh sé leis na h‐oibridhthibh ar phinginn sa ló, do chuir sé isteach ’n‐a fhíonghort iad.


Óir do b’fhéidir an uinneimeint so do dhíol ar níos mó ’ná trí céad pinginn, agus a tabhairt do na bochtaibh. Agus do bhíodar díombuidheach dhí.


Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Tabhraidh‐se rud le n’ithe dhóibh. Agus adubhradar leis, An rachaimíd agus an gceannóchaimíd luach dhá chéad pinginn d’arán le tabhairt dóibh le n’ithe?


Lá ar n‐a bhárach do thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do’n óstóir iad, agus adubhairt sé, Tabhair aire dhó; agus cibé méid chaithfeas tú sa mbreis, cúiteochadsa leat é, nuair thiocfas mé arís.


Do bhí iasachtaidhe ann agus beirt i bhfiacha aige: do bhí cúig céad pinginn aige ar dhuine aca, agus deich is dá fhichid pinginn ar an duine eile.


D’fhreagair Pilib dó, Níor leor dóibh luach dhá chéad pinginn d’arán chum go mbéadh blúire beag de ag gach duine aca.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí