Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhíseachaibh, Brostuighidh agus tugaidh amach an chulaith éadaigh is fearr agus cuiridh uime í, agus cuiridh fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosaibh,
Lúcás 15:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tugaidh libh an gamhain ramhar agus marbhuighidh é, agus ithimís agus bímís sóghach; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus tugaigí amach an lao biata agus maraígí é, agus bímis go súgach, agus déanaimis gairdeas; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tabhairigidh an gamhain reamhar annseo, agus marbhaigidh é, agus ithimís agus bímís súgach; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus beiridh libh an laogh biadhta, agus marbhuighidh é, agus bímís ag ithe, agus ag déanamh suilt: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tuguidh libh agus marbhuidh, an láogh bíadhta; agus caitheam biadh, agus bíom go súgach: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas; An Bíobla Naofa 1981 agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas; |
Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhíseachaibh, Brostuighidh agus tugaidh amach an chulaith éadaigh is fearr agus cuiridh uime í, agus cuiridh fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosaibh,
Óir bhí an mac so liom marbh, agus tá sé beó airís; do cailleadh é, agus do fuaradh é. Agus chromadar ar bheith go sóghach.