Deirim libh nár bh’ eadh; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe tiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.
Lúcás 13:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Deirim libh ná rabhadar; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe go dtiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Deirim libh nach amhlaidh, mar mura ndéanann sibh aithrí scriosfar sibh uile go léir ar an nós céanna.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Níor mhó, deirim libh; acht muna ndéanaidh sibh aithrighe, scriosfar sibh uilig mar an gcéadhna. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deirim ribh, Nach ar mhó; achd mona ndéarntáoisi aithrighe, go sgriosfuidhthear sibh uile mar an gcéadna. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.” An Bíobla Naofa 1981 Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.” |
Deirim libh nár bh’ eadh; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe tiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.
Dalta na n-ocht bhfeara déag úd n-ar thuit an túr ortha i Silóe, agus gur mhairbh sé iad, an dóigh libh go rabhadar ciontach thar a raibh de dhaoinibh i n-Ierúsalem?
Agus do labhair sé leó an tsoluíd seo: Bhí crann fíge curtha ag duine ’n-a fhíonghort, agus tháinig sé ag lorg toradh ar an gcrann, agus ní bhfuair.