Lúcás 11:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus cé’cu agaibh-se a dh’iarrfaidh arán ar a athair, agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? nó iasg, agus gur athair nimhe a thabharfaidh sé dhó i n-inead éisg? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Cé an t‑athair eadraibh, a n‑iarrfaidh a mhac iasc air, a thabharfaidh nathair nimhe dó in ionad an éisc; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cé agaibh a iarras arán ar a athair, agus gur cloch a bhéarfas sé dó? Nó iasc, an dtabharfaidh sé nathair nimhe dó i n-áit an éisc? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus cia h‐é an t‐athair agaibh go n‐iarrfaidh a mhac bollóg aráin air, agus gur cloch bhéarfas sé dhó? nó iasc, agus i n‐ionad éisc gur nathair nimhe bhéarfas sé dhó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus cía againbhsi athair ar a níarrfadh a mhac arán, do bhéaradh cloch dhó? Nó dhá niárradh sé iásg, do bhéaradh nathair nimhe a nionad éisg dhó? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cé hé an t-athair in bhur measc go n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc? An Bíobla Naofa 1981 Cé hé an t‑athair in bhur measc go n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc? |
Nó cé h-é an duine agaibh-se go n-iarrfaidh a mhac arán air agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó?
Óir gach n-aon a dh’iarrann tugtar dó; agus an t-é a loirgeann gheibheann sé; agus an t-é a bhuaileann osgalófar dó.