Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaidh ’n-a mbeirt a’r ’n-a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe.
Lúcás 10:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ná bíodh agaibh mála ná sparán ná bróga, agus ná deinidh beannachadh d’aoinne ar an slígh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ná hiompraígí sparán, ná mála, ná cuaráin; agus ná cuirigí forrán ar aon duine ar an mbealach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ná h-iomcharaigidh sparán, ná mála, ná bróga, agus ná beannuighigidh do dhuine ar bith ar an bhealach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ná tógaidh libh sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuighidh d’aon duine ar an mbóthar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ná hiomchruidh sbarán, na tiach loín ná bróga: agus ná beannaighidh do neach ar bith sa tslighe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí dʼaon duine ar an mbóthar. An Bíobla Naofa 1981 Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d'aon duine ar an mbóthar. |
Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaidh ’n-a mbeirt a’r ’n-a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe.
Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh?