Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d'aon duine ar an mbóthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ná hiompraígí sparán, ná mála, ná cuaráin; agus ná cuirigí forrán ar aon duine ar an mbealach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Ná h-iomcharaigidh sparán, ná mála, ná bróga, agus ná beannuighigidh do dhuine ar bith ar an bhealach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Ná tógaidh libh sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuighidh d’aon duine ar an mbóthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ná hiomchruidh sbarán, na tiach loín ná bróga: agus ná beannaighidh do neach ar bith sa tslighe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Ná bíodh agaibh mála ná sparán ná bróga, agus ná deinidh beannachadh d’aoinne ar an slígh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí dʼaon duine ar an mbóthar.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:4
13 Tagairtí Cros  

Leagadar bia os a chomhair, ach dúirt sé: “Ní bhlaisfidh mé greim nó go mbeidh mo theachtaireacht inste agam.” “Abair leat,” arsa [Lábán].


“Ná cuirigí moill orm,” ar sé leo, “mar is é an Tiarna a chuir bail ar m'aistear. Scaoiligí liom ag triall ar mo mháistir.”


Ansin chuir sí an diallait ar an asal agus dúirt lena searbhónta: “Tiomáin leat! Ar aghaidh leat! Ná moilligh dom nó go ndéarfaidh mé leat é.”


“Cuir do chrios thar do choim,” ar sé ansin le Géichizí, “agus tóg mo bhata i do láimh, agus imigh. Má bhuaileann tú le haon duine, ná beannaigh dó; agus má bheannaíonn aon duine duit, ná tabhair freagra air; agus leag mo bhata ar aghaidh an linbh.”


Féachadh do shúile díreach romhat, agus bíodh d'amharc romhat amach.


Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana.


Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”


Dúirt Dáiví ansin le hAichímeilic: “Nach bhfuil aon sleá ná claíomh ar láimh anseo agat? Níor thug mé mo chlaíomh ná m'airm liom mar go raibh práinn le gnó an rí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí