Tógfaid siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbhuightheach ní ghortóchaidh sé iad: Cuirfid siad a lámha ar daoine breóite agus beid siad go maith.
Lúcás 10:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Féach, tá tabhartha agam daoibh cumas ar shatailt ar aithreachaibh nimhe agus ar scorpiónaibh, agus ar gach cómhacht de chómhachtaibh an namhad, gan dochar daoibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Féach, tá údarás tugtha agam daoibh le gabháil de chosa ar na nathracha nimhe agus ar na scairpeanna agus ar chumhachtaí uile an namhad; agus ní dhéanfaidh aon ní dochar daoibh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Féach, thug mé cumhacht díbh saltairt ar naithreacha nimhe agus scorpioin, agus ar neart an námhad go h-iomlán, agus ní ghortóchaidh aon nídh sibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Féachaidh, atá cumas tabhartha agam daoibh chum nathracha nimhe agus scairpeanna do bhrúghadh fá chois, agus buaidh ar gach neart na námhad: agus ní dhéanfaidh éinnidh anachain ar bith oraibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Féuch do bheirim dhíbh cumhachda saltairt air na haithreachaibh nimhe agus ar na scorpiónuibh, agus ar uile neart namhad: agus ní ghoirteochaid éin ní sibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpeanna agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh. An Bíobla Naofa 1981 Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh. |
Tógfaid siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbhuightheach ní ghortóchaidh sé iad: Cuirfid siad a lámha ar daoine breóite agus beid siad go maith.
Ansan do chroth seisean an phíast isteach sa teine agus ní raibh aon díobháil déanta dhó.