Oír do thiormuigh bhur TTIGHEARNA Día uisgidhe Iordan romhuibhsi, nó go ndeachabhair thairis, amhuil do rinne bhur TTIGHEARNA Día ris an muir Rúaidh noch do thiormuidh sé romhuinn, no go ndeachamar thairis:
Cluinsi a bhflaitheamhnus ann hionad comhnuigh féin, agus déana do reir gach éinneithe dá niárrfuidh an coimhitheach ort: chor go mbiáidh fios hanma ag dáoinibh na talmhan uile, le mbía heagla orra, mar atá air do phobal Israel; agus chor go mbiáidh a fhios aca an tigh so, do rinne misi, gurob ad ainmsi goirthear é.
Agus do roinn tú a nfairge rompa, iondus go ndeachadar tré mheadhon na fairge air thalamh tirim; agus gur theilg tú luchd a bhfoileanmhana annsna haigéanuibh, amhuil chloich annsna huisgeadhuibh neartmhara.
Agus do shin Maóise a lámh amach ós cionn na fairge; agus tug an TIGHEARNA ar an bhfairge dul (ar a hais) lé gáoith láidir a noir, ar feadh na hoidhche sin agus do rinne a nfairge na talamh thirim agus do roinneadh na huisgidhe.
Oír do chuáidh each Pharao a steach gon a charbaduibh agus gon a mharcshluagh san bhfairge, agus túg an TIGHEARNA uisgidhe na fairge a rís orra; ach do imthigh clann Israel ar talamh tirim a meadhon na fairge.