Annsin tháinic Nebuchadnessar láimh re béul na fuirnísi loísgnigh teineadh, agus do labhair, agus a dubhairt, A Shadrach, Mhesach, agus Abednego, sibhsi a sheirbhísigh an Dé is ro áirde, tigidh amach, agus tigidh annso. Annsin tháinic Sadrach, Mesach, agus Abednego, amach as lár na teineadh.
Agus tárla, a núair thangadar na sagairt súas noch diomchuir aírc chunnartha an TIGHEARNA as lár Iordan, agus ar éirgheadar buinn cos na sagart súas ar talamh thirim, gur fhilleadar uisgidhe Iordan ann a náit féin, agus gur thuiligheadar tar a brúachuibh uile, mar do rinneadar roimhe.