Agus do roinn tú a nfairge rompa, iondus go ndeachadar tré mheadhon na fairge air thalamh tirim; agus gur theilg tú luchd a bhfoileanmhana annsna haigéanuibh, amhuil chloich annsna huisgeadhuibh neartmhara.
Iósua 24:6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus thug mé bhur naithre as an Négipt: agus tangabhairsi gus an nfhairge; agus do leanadar na Hégiptigh a ndiáigh bhur naithreadh lé carbaduibh agus le marcshlúagh go nuige an mhuir Ruáidh. An Bíobla Naofa 1981 Thug mé bhur n‑aithreacha amach as an Éigipt agus tháinig sibhse chun na Farraige; chuaigh na hÉigiptigh sa tóir ar bhur n‑aithreacha le carbaid agus le marcshlua nó gur shroicheadar Muir na nGiolcach. |
Agus do roinn tú a nfairge rompa, iondus go ndeachadar tré mheadhon na fairge air thalamh tirim; agus gur theilg tú luchd a bhfoileanmhana annsna haigéanuibh, amhuil chloich annsna huisgeadhuibh neartmhara.
Do scoilt se a nfairge, agus thug íadsan tríthe; agus thug air na huisgeadhuibh seasamh mar chárn.
Agus do ghluaiseadur clanna Israel ó Rameses go Succot, timchioll sé cead míle fear dá ccois, taobh amuigh do leanbuibh.
Agus tárla an lá sin féin, go ttug an TIGHEARNA clann Israel amach as a Négipt ré na slúaghuibh.
Oír thug mé súas sibh as crích na Hégipte, agus dfúascail mé sibh as tigh na seirbhíseach; agus do chuir mé romhuibh Maóise, Aáron, agus Míriam.
Tug sé so amach íad, ar ndéunamh miorbhuileadh agus comharthadh a dtalamh na Héigipte, agus ann sa muir Rúaidh, agus ann sa bhfásach dhá fhichead blíadhain.
As tré chreideamh do chúadar trés an muir Ruáidh amhuil tré thiormach: an mhuir léur sluigeadh na Héigiptigh ar dteachd dá teasdughadh dhóibh.