Iósua 18:6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Roinnfidhe ar a nadhbharsin an dúithche iona seachd ccotchaibh, agus do bhéarthaoi an roinn chugamsa annso, chor go tteilgfe mé crainn daóibh annso a bhfíadhnuisi bhur TTIGHEARNA Dé. An Bíobla Naofa 1981 Déanaigí an fearann a roinnt faoi seacht in bhur dtuarascáil agus tuairisc a thabhairt anseo chugamsa i dtreo go gcuirfinn ar cranna é anseo daoibh i láthair an Tiarna, ár nDia. |
Do teilgeadh an crannchar annsa nucht; acht is ag an TTIGHEARNA atá a chur a gcrích uile.
Do bheir an cranncháir air imreasanaibh cosg, agus roinnidh idir na cumhachtachaibh.
Agus roinnfidhe an fearann lé crannchar mar oighreachd a measc bhur ttreabha: agus don luchd is mó do bhéurtháoi an chuid ís mó do noighreachd, agus don luchd is lugha do bhéartháoi an chuid is lugha do noighreachd: biáidh oighreachd gach éanduine mar a ttuitfidh a chrannchar; do reír tréabha bhur naithreadh do gheabhthaoi oighreachd.
Agus do aithin Maóise do chloinn Israel, ghá rádh, Sí so an dúthuigh do gheabhtháoi a noighreachd le cranchar, noch do aithin an TIGHEARNA do thabhairt do na náoi ttreabhuibh, agus don leith threibh:
Agus ar sgrios dó na seachd gcineadhach a dtír Chánaan, do roinn sé ré crannchar a bhfearann dóibh.
Le crannchar do bhí a noighreachd, mar do aithin an TIGHEARNA lé láimh Mhaóise, dona náoi treabhuibh, agus don leiththreibh.
¶ Agus do theilg Iosua crainn dúibh a Síloh a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA: agus annsin do roinn Iosua an fhearann ar chloinn Israel do réir a ronna.
Ach ni bhfuil roinn ag na Lebhítibh eadruibh; óir sí sagartachd an TIGHEARNA a noighreachdsan: agus fuáir Gad, agus Réuben, agus leiththreabh Mhanasseh, a noighreachd táobh thall do Iordan don taóibh shoir, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhóibh.
¶ Agus do éirghiodar na fir, agus do imthigheadar rompa: agus do fhúagair Iosua don mhuinntir do chuáidh do mheas an nfearuinn, gha rádh, Eírghidhe agus siubhlaidhe thríd an dúithche, agus measuidh í, agus tigidh chugamsa a rís, lé tteilgfe mé crainn ann so dhíbh a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA a Síloh.