Agus a dhearbhráithre, daóine gaisgeamhla, do bhádar dhá mhíle agus seachd ccéad príomhathair dhiobh, dá ndéarna Dáibhi rígh úachdaráin ós cionn na Reubeníteach, na Ngadíteach, agus leththreibhe Mhanasseh, ar gach áon chúis dar bhean re Dia, agus a ngnothuighíbh an rígh.
¶ Mic Reuben, agus na Gadítigh, agus leiththreabh Mhanasseh, do dhaóinibh cródha, cumhachdacha chum sgéithe agus cloidhimh diomchar, agus chum lámhuigh as bogha, agus éolach a ccogadh, do bhádar ceathrachad agus ceithre mhíle seachd ccéud agus trí fithchid, do chúaidh amach chum cogaidh.
Agus a dubhairt ríu, Do choímhéadabhair a núile ní dár aithin Maóise serbhíseach an TIGHEARNA dhíbh, agus do umhluigheabhair dom ghlórsa san nuile ní dár aithin mé dhaóibh: