Títeas 3:4 - An Bíobla Naofa 1981 Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach san am ar nochtadh dea-chroí agus daonnacht Dé ár Slánaitheoir, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair do nochtadh maitheas agus grádh Dé ár Slánuightheoir do’n duine, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an tan do shoillsigh féile agus grádh Dé ar Slánaightheóra do dháoinibh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár Slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn. |
Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?
Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.
Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.
ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.
agus san uain chuí nocht sé a bhriathar dúinn san fhorógra a cuireadh ina chúram ormsa ar ordú Dé, ár slánaitheoir.
Óir dá mb'amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t‑aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.