Seanfhocal 5:4 - An Bíobla Naofa 1981 Ach níl de thoradh orthu ach mar a bheadh mormónta searbh, chomh géar le claíomh dhá fhaobhar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht bí a deireadh searbh amhuil murmónta, géar amhuil choidheamh dhá fháobhar. |
Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh; go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta, go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.
Níl a fhios aige siúd go bhfuil na taisí cruinnithe anseo, go bhfuil a haíonna i ndoimhneas Seól.
Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach.
Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.