Cuireann sé ina luí ar a aigne nach eol do dhaoine an choir atá déanta aige agus nach fuath leo í.
Seanfhocal 4:16 - An Bíobla Naofa 1981 Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh; fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír ni chodhluid síad, muna ndéarnaid urchóid; agus beirthear a ccodhladh úatha, muna ttugaid ar chuid éigin tuitim. |
Cuireann sé ina luí ar a aigne nach eol do dhaoine an choir atá déanta aige agus nach fuath leo í.
(Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)
Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite, farraige nach féidir di bheith ciúin, a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.
Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara; ná taobhaigh le do dheartháir, mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir, is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.
Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.
Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile - uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n‑ardchomhairle é.
Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.
ach tháinig Lisias, an ceannasaí, orainn agus neart slua aige agus sciob sé as ár lámha é agus d'ordaigh sé do lucht a chiontaithe dul faoi do bhráid.)
Tá a súile lán d'adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta!