Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Seanfhocal 26:6 - An Bíobla Naofa 1981

An té a chuireann amadán ar theachtaireacht, (gearrann sé na cosa de féin agus) ólann sé deoch shearbh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

An té chuirios teachtaireacht le láimh amadáin gearruidh sé amach na cosa, agus ibhidh sé dochar.

Féach an chaibidil



Seanfhocal 26:6
6 Tagairtí Cros  

Dála an fhínéagra leis na fiacla, nó an deataigh leis na súile, sin mar bhíonn ag an leadránaí leis an té a sheol é.


Tugann drochtheachtaire an tubaiste ar dhaoine, ach tugann teachtaire dílis íocshláinte.


Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhair an teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta; cuireann sé misneach i gcroí a mháistir.


Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise le heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.


Chomh guagach le cosa an bhacaigh ar sileadh leis gan tairbhe, sin mar atá seanfhocal i mbéal na n‑amadán.


Ach dúirt na daoine a chuaigh suas fairis: “Ní féidir dúinn máirseáil i gcoinne na ndaoine seo; is treise iad ná sinne.”