Seanfhocal 26:16 - An Bíobla Naofa 1981 Is ciallmhaire an leisceoir dar leis féin ná seachtar fear a d'fhreagródh le stuaim. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is críonna an scraiste iona bharamhuil féin ná moírsheisior do fhéadfadh réusún do thabhairt úatha. |
An bhfeiceann tú duine atá ciallmhar dar leis féin? Is mó an dóchas atá ann don amadán na dósan.
“Bíodh ciall agat, a mhic, agus cuir lúcháir ar mo chroí, le go mbeadh freagra agam ar fhear mo mhaslaithe.
A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.
Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim,