Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint, ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.
Seanfhocal 10:5 - An Bíobla Naofa 1981 Mac críonna a chnuasaíonn sa samhradh, ach cúis náire é an mac a chodlaíonn le linn an fhómhair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An té chruinnighios annsa tsámhradh mac críonna é: acht an té chodhlas annsa bhfóghmhar is mac do gheibh náire é. |
Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint, ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.
Tá beannachtaí an Tiarna ar cheann an fhíréin, ach tá an foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.
Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac; beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta.
An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil, is mac gan náire é agus ábhar masla.
Nuair a imeoidh an féar, go dtiocfaidh an t‑athfhás, agus go mbailítear an foráiste ón sliabh,
Na seangáin, treibh gan neart iad, ach sa samhradh déanann siad deimhin dá soláthar:
A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.
Ach cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh, agus bailíonn a sholáthairtí san fhómhar.