Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól, iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe.
Seanfhocal 1:13 - An Bíobla Naofa 1981 Gheobhaimid maoin de gach sórt, agus líonfaimid ár dtithe le creach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do gheabham gach uile mhaóin mhórluáigh, líonfam ar ttighthe lé héadáil: |
Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól, iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe.
Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir; sciobann an foréigean an t‑anam ón dream ar leo é.
Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n‑íseal ná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.
“Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,” a deir an Tiarna, “ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.”
Fógair é i bpáláis na hAsaíre agus i bpáláis na hÉigipte agus abair: “Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáire agus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sin agus an leatrom laistigh di.”
Cá bhfuil pluais na leon, uachais na leon óg? Nuair a d'imíodh an leon amach, d'fhanadh an leon baineann agus na coileáin istigh agus ní chuirfí isteach orthu,
Sáróidh glóir nua an Teampaill seo an chéadghlóir a bhí aige, a deir Tiarna na Slua, agus is san áit seo a dháilfidh mé oraibh an tsíocháin, a deir Tiarna na Slua.’ ”
Dúirt sé leo ansin: “Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”