Salm 127:4 - An Bíobla Naofa 1981 Mar shaigheada i láimh an ghaiscígh, is mar sin do chlann na hóige. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Na leanaí agus toradh na broinne: oidhreacht agus tíolacadh iad a thagann ón Tiarna. Psalma Dhaibhí 1836 Mar shoígde géar bíd clann na hóig’, A láimh an laoich a gcrua’s. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Mar shoighde a láimh an duine arrachtaigh; is amhluigh sin atá clann na hóige. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Mar shaigheada i láimh an ghaiscígh, is mar sin do chlann na hóige. |
Éiríonn a clann ina seasamh, agus fógraíonn siad gur méanar di; canann a fear céile moladh di:
Féach, táimse ag déanamh comhcheangail de náisiúin mhóra in aghaidh na Bablóine. Tiocfaidh siad ón tír thuaidh, cuirfidh iad féin in ordú ina héadan; tógfar i láimh ansin í; tá a saigheada amhail trodaire caithréimeach; ní fhilleann aon cheann acu go díomhaoin.