“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.
Rut 3:12 - An Bíobla Naofa 1981 Anois fág gur fíor go bhfuil ceart fuascailte agam ort, tá fear ann ar gaire é a ghaol leat. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus anois is fíor gur brathair fogus gáoil duit misi: achd cheana atá brathair as foigsi ná mé. |
“Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.
gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n‑agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana.
Dúirt Náoimí le bean a mic: “Go raibh beannacht ón Tiarna ar an té nár theip a chineáltas ar an marbh ná ar an mbeo.” Agus lean Náoimí uirthi á rá léi: “Is gairid é gaol an duine sin linn; tá sé ar na daoine a bhfuil ceart fuascailte acu orainn.”
Ná bíodh aon eagla ort más ea, a iníon ó; déanfaidh mé díreach mar a iarrfaidh tú óir tá a fhios ag muintir mo chathrach go léir a fheabhas de bhean thú.
Fan anseo anocht, agus más mian leis ar maidin amárach a cheart fuascailte ort a chur i bhfeidhm, bíodh aige agus fuasclaíodh sé thú. Ach mura mian leis sin a dhéanamh, dar an Tiarna beo, déanfaidh mé féin thú a fhuascailt. Luigh síos anois go maidin.”
Chuaigh Boaz go dtí an geata agus shuigh sé ansiúd, agus seo chuige an gaol gairid ar ar labhair sé. Dúirt Boaz: “Gabh i leith, a chara, agus suigh taobh liom,” agus tháinig sé agus shuigh.
Shíleas nár mhiste é sin a insint duit agus a rá leat: Ceannaigh é i bhfianaise na muintire atá ina suí anseo, agus i bhfianaise seanóirí mo phobail. Más mian leat do cheart fuascailte air a chur i bhfeidhm, fuascail é. Mura ndéanann tú, inis dom é agus beidh a fhios agam, mar seachas tusa, níl aon duine eile chun é a fhuascailt ach mise; ach tá an tosach agat orm.” Dúirt sé: “Táim sásta é a fhuascailt.”