[Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”
Rut 2:4 - An Bíobla Naofa 1981 Seo Boaz ag teacht ó Bheithil agus bheannaigh do na buanaithe: “Go raibh an Tiarna libh,” ar sé. D'fhreagair siadsan: “Go mbeannaí an Tiarna thú féin.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus, féach, tháinig Boas ó Bhetlehem, agus a dubhairt ris na buanuighibh, Go raibh an TIGHEARNA maille ribh. Agus do fhreagradarsan é, go mbeanuigh an TIGHEARNA thusa: |
[Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”
Go mbeannaí Dia Uilechumhachtach thú agus go gcuire sé an rath ort agus sliocht iomadúil i dtreo go ndéana baicle ciníocha díot.
Is beannaithe in ainm an Tiarna an té atá le teacht. Beannaímid sibh as teach an Tiarna.
Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ‘Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!’
Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”
Tiarna na síochána é féin go dtuga sé síocháin daoibh gach uair agus gach slí. Go raibh an Tiarna libh go léir.
Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon drochmheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar. Déan na nithe sin a theagasc agus a fhógairt.
Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”
agus thaibhsigh aingeal an Tiarna dó go ndúirt leis: “Tá an Tiarna leat, a ghaiscígh chalma!”
Dúirt an Tiarna leis: “Beidh mise leat, agus buailfidh tú Midián amhail is nach mbeadh iontu ach aon duine amháin.”
D'imigh sí léi agus bhí sí ag bailiú na ndias i ndiaidh na mbuanaithe sna goirt agus tháinig sí go cuid Bhoaz, d'fhine Eilímeilic, den ithir.
Ansin dúirt Boaz leis an seirbhíseach a bhí aige i bhfeighil na meithle: “Cér díobh an cailín seo?”
Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: “Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil.
Lean Dáiví air: “An Tiarna a d'fhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.” Dúirt Sól le Dáiví: “Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!”