Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Rut 1:7 - An Bíobla Naofa 1981

Ansin d'imigh sí féin agus a beirt bhan mic ón áit ina raibh cónaí orthu, agus chuir siad chun bóthair ar ais go tír Iúdá.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Uimesin do chuáidh sí amach as a náit ann a raibh sí, agus a días baincleamhna le; agus do ghluáisiodar san tslíghe do dhul tar a nais go tír Iúdah.

Féach an chaibidil



Rut 1:7
6 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí na seacht mbliana caite d'fhill an bhean ó thír na bhFilistíneach agus chuaigh lena héileamh faoina teach agus faoina talamh a chur faoi bhráid an rí.


Ansin lig Maois dá athair céile imeacht, agus d'imigh seisean leis chun a dhúiche féin.


“Fillfimid leat,” ar siad, “fillfimid sin, go dtí do mhuintirse.”


Bhris a ngol arís orthu agus ghoileadar go fuíoch. Ansin phóg Orpá máthair a céile [agus d'imigh uaithi chun a muintire féin]; ach chloígh Rút léi go dlúth.


Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d'airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh.


Dúirt Náoimí lena beirt bhan mic: “Ar ais libh, gach duine agaibh, go teach a mháthar. Go raibh an Tiarna lách dílis libh faoi mar a bhí sibhse leis an muintir atá sa chré, agus liomsa.