Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 1:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Bhris a ngol arís orthu agus ghoileadar go fuíoch. Ansin phóg Orpá máthair a céile [agus d'imigh uaithi chun a muintire féin]; ach chloígh Rút léi go dlúth.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do thógbhadarsan a nguth ós áird, agus do ghuileadar a rís: agus do phóg Orpah a mathaircleamhain; achd do cheangail Rút ría.

Féach an chaibidil Cóip




Rut 1:14
22 Tagairtí Cros  

Níor lig tú dom fiú póg a thabhairt do mo mhic agus do m'iníonacha. Ba amaideach an beart uait é.


D'éirigh Lábán go moch ar maidin lá arna mhárach agus thug póg dá gharchlann agus dá iníonacha agus chuir a bheannacht orthu; ansin chuir sé chun bóthair abhaile.


Dúirt an rí: “Téadh Ciomchám liom dá bhrí sin; cuirfidh mé cóir air mar is mian leat, agus aon ní a lorgóidh tú déanfaidh mé dó ar do shonsa.”


D'fhág sé an chuingir agus rith sé ar thóir Éilias. “Lig dom m'athair agus mo mháthair a phógadh,” ar sé; “agus ansin leanfaidh mé thú.” D'fhreagair Éilias: “Gabh ar ais; óir an ndearna mé rud ar bith duit?”


Is cara cara i gcónaí, ach is d'uain na hainnise a shaolaítear deartháir.


[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.


Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fear as gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige, greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá: ‘Lig dúinn dul in éineacht leat, óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.’ ”


“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;


Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.


Nuair a chuala an fear óg an chaint sin, bhí buaireamh air agus d'imigh sé leis, mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.


Mar sin féin bhí daoine ann a thaobhaigh leis agus a ghlac an creideamh. Orthusan bhí Dionisius Airiopagach agus bean darbh ainm Damairis agus tuilleadh nach iad.


Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort; déan seirbhís dó agus cloígh leis, agus is dar a ainm a thabharfaidh tú mionn.


Ach sibhse a chloígh leis an Tiarna bhur nDia, maireann sibh fós inniu.


Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d'imigh leis go Teasaloinicé. D'imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait.


Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis nó go sábháilfear ár n‑anam.


an mbeadh sibh sásta fanacht nó go bhfásfaidís? An bhfanfadh sibh gan pósadh chuige sin? Ná déanaigí, a ógmhná, mar go ngoillfeadh sé go mór orm ar bhur son-sa gur tógadh lámh an Tiarna i mo choinne.”


Dúirt Náoimí [le Rút] ansin: “Féach i leith orm anois. Siúd í bean do dhearthár imithe ar ais chun a muintire féin agus chun a dé féin. Imighse leat chomh maith agus lean bean do dhearthár.”


Ansin d'imigh sí féin agus a beirt bhan mic ón áit ina raibh cónaí orthu, agus chuir siad chun bóthair ar ais go tír Iúdá.


D'fhreagair Boaz: “Insíodh dom go hiomlán an uile ní dá ndearna tú ar son mháthair do chéile ón uair a fuair d'fhear bás; mar a d'fhág tú d'athair agus do mháthair agus do thír dhúchais i do dhiaidh agus gur tháinig tú go muintir nárbh aithnid duit roimhe seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí