Tharla gorta sa tír, agus chuaigh Abrám ó dheas go dtí an Éigipt chun cónaí ann mar go raibh an gorta ag luí go trom ar an tír.
Rut 1:1 - An Bíobla Naofa 1981 Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus d'imigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anois tárla annsna laéthibh a rabhadar na breítheamhuin na núachdaráin, go raibh gorta sa dúithche. Agus do chuáidh duine áirigh do Bhetlehem‐Iúdah do chomhnuidhe go tír Mhoab, é féin, agus a bhean, agus a dhías mac. |
Tharla gorta sa tír, agus chuaigh Abrám ó dheas go dtí an Éigipt chun cónaí ann mar go raibh an gorta ag luí go trom ar an tír.
Bhí gorta sa tír - ceann eile seachas é siúd a bhí le linn Abrahám - agus chuaigh Íosác go Gearár, go hAibímeilic rí na bhFilistíneach.
Bhí gorta ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile le linn Dháiví. Chuaigh Dáiví a lorg comhairle ar an Tiarna agus dúirt an Tiarna: “Tá ciontacht fola ar Shól agus ar a theaghlach mar gur mharaigh sé na Gibeónaigh.”
D'imigh Éilias leis le dul i bhfianaise Acháb. De bhrí gur ghoill an gorta go trom ar an tSamáir
Clann mhac Shalmá: Béitlihim, Natófátaigh, Atrót, Béit Ióáb, leath na Mánachatach, na Zoraigh,
Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin, agus gur mhill sé an t‑arán ar fad orthu,
“A mhic an duine, dá bpeacódh tír i mo choinne trí mhídhílseacht agus go sínfinn amach mo lámh ina choinne, go mbrisfinn a stór aráin agus gorta a sheoladh chuige agus gach fear agus ainmhí ann a scrios as;
“Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!
Brisfidh mé bhur neart uabhair; fágfaidh mé bhur spéir ina iarann agaibh agus bhur dtalamh ina phrás.
D'fhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile, agus arán in easnamh in bhur mbailte; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
Scaipfir síol go flúirseach san ithir, ach is beag fómhar a chruinneoidh tú di, óir alpfaidh an lócaiste é.
Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.
D'fhág an fear seo Beithil in Iúdá ag lorg áit chónaithe. Ar a shiúlta tháinig sé go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá.