Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 21:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Bhí gorta ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile le linn Dháiví. Chuaigh Dáiví a lorg comhairle ar an Tiarna agus dúirt an Tiarna: “Tá ciontacht fola ar Shól agus ar a theaghlach mar gur mharaigh sé na Gibeónaigh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 An sin do bhí gorta a laéthibh Dháibhi trí bliadhna, a ndiáigh a chéile; agus dfíafruigh Dáibhi don TIGHEARNA. Agus do fhreagair an TIGHEARNA, Is arson Shauil, agus a thighe fhuiltígh, do bhrígh gur mharbh sé na Gibeonitigh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 21:1
34 Tagairtí Cros  

Tharla gorta sa tír, agus chuaigh Abrám ó dheas go dtí an Éigipt chun cónaí ann mar go raibh an gorta ag luí go trom ar an tír.


Bhí gorta sa tír - ceann eile seachas é siúd a bhí le linn Abrahám - agus chuaigh Íosác go Gearár, go hAibímeilic rí na bhFilistíneach.


Agus tháinig daoine ó cheithre hairde na cruinne go dtí an Éigipt chun arbhar a cheannach ó Iósaef, mar go raibh an gorta dian ar fud an domhain ar fad.


Tháinig clann Iosraél dá réir sin, fara daoine eile a bhí ag déanamh an turais chéanna, chun arbhar a cheannach mar go raibh gorta i dtír Chanán.


Luigh an gorta an-dian ar an tír.


Bhain an Tiarna díoltas asat i bhfuil theaghlach Shóil ar ghlac tú a fhlaitheas ort féin, agus tá an Tiarna tar éis an flaitheas céanna a thabhairt i láimh Aibseálóm do mhac. Seo chugat anois uair na cinniúna, a fhir na fola.”


ba shagart ag Dáiví freisin é Íreá an Iáíreach.


Dúirt siad leis an rí: “An té a rinne sinn a scrios agus a bheartaigh sinn a dhíothú i dtreo nach bhfágfaí duine dínn beo in aon bhall i gcríocha Iosrael,


Las fearg an Tiarna arís in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví ina n‑aghaidh. “Téigh,” ar sé, “agus déan daonáireamh ar Iosrael agus ar Iúdá.”


Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach, an dtabharfaidh tú i mo láimh dom iad?” D'fhreagair an Tiarna: “Ionsaigh iad! Déanfaidh mé na Filistínigh a thabhairt i do láimh duit go dearfa.”


Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna agus d'fhreagair sé: “Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall ar a gcúl agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim.


Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”


D'imigh Éilias leis le dul i bhfianaise Acháb. De bhrí gur ghoill an gorta go trom ar an tSamáir


Bhí gorta mór sa tSamáir agus bhí an léigear chomh dian go raibh ceann asail á dhíol ar ochtó seicil airgid, agus ceathrú cab [d'iniúin fhiáine] ar chúig seicil airgid.


Seo mar a bhí ráite ag Eilíseá leis an mbean a ndearna sé a mac a ardú ó mhairbh: “Éirigh, agus imigh leat ar an gcoigrích, tú féin agus do líon tí, mar tá gorta glaoite ag an Tiarna - tá sé ag teacht ar an tír cheana féin - ar feadh seacht mbliana.”


Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.


Dúirt mo chroí i do thaobhsa: “Bí ag lorg a ghnúise.” Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna,


Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”


Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.” Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.


Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t‑arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.


Seasadh sé i láthair Eileázár an sagart, agus déanadh seisean ceistiú ina thaobh i láthair an Tiarna de réir ghnás an Úirím. De réir a fhocail a rachaidh siad amach, agus de réir a fhocail a thiocfaidh siad isteach - sea eisean agus clann Iosrael fairis, an comhthionól go léir.”


Ach sháraigh clann Iosrael an bang go héagórach. Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach de threibh Iúdá, leag sé lámh ar rud a tháinig faoin mbang, agus las fearg an Tiarna i gcoinne na nIosraelach.


Mar seo a dhéanfaimid: anacal anama a dhéanamh orthu le heagla go ndéanfaí é a agairt orainn le fearg de bharr na mionn a thugamar dóibh.”


Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus d'imigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac.


Chuir siad ceist ar an Tiarna arís: “Ar tháinig an fear úd anseo?” “Siúd é i bhfolach sa bhagáiste é,” arsa an Tiarna.


(An dtabharfaidh muintir Cheíleá mise suas dó?) An dtiocfaidh Sól anuas mar a chuala do shearbhónta? A Thiarna, a Dhia Iosrael, inis do do shearbhónta, impím ort.” D'fhreagair an Tiarna: “Déanfaidh.”


Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé agus cath a chur ar na Filistínigh seo?” D'fhreagair an Tiarna Dáiví: “Téigh agus cuir cath ar na Filistínigh agus fuascail Ceíleá.”


Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna arís agus d'fhreagair an Tiarna: “Imigh leat! Gabh síos go Ceíleá mar cuirfidh mise na Filistínigh faoi do bhois.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí