Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 21:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Ghlaoigh an rí dá bhrí sin ar na Gibeónaigh. Níorbh de chlann Iosrael iad na Gibeonaigh ach iarmhar de na hAmóraigh; mhionnaigh clann Iosrael go ndéanfaidís anacal orthu, ach le barr díograise ar son chlann Iosrael agus Iúdá rinne Sól iarracht ar iad a scrios.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do ghoir an rígh na Gibeonitigh, agus a dubhairt riú; (anois na Gibeonitigh ní do chloínn Israel íad, achd íarsma na Namoriteach; agus thugadar clann Israel mionna dhóibh: agus do thionnsgain Saul a marbhadh ioná theasghradh do chloinn Israel agus Iúdah).

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 21:2
13 Tagairtí Cros  

Fillfidh siad ar ais anseo sa cheathrú glúin, mar níl urchóid na nAmórach iomlán fós.”


Las fearg an Tiarna arís in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví ina n‑aghaidh. “Téigh,” ar sé, “agus déan daonáireamh ar Iosrael agus ar Iúdá.”


“Tar liom,” ar sé, “agus feic mo dhúthracht ar son an Tiarna,” agus thiomáin sé leis ina charbad é.


Ach níor lean Iéahú dlí an Tiarna, Dia Iosrael, go dílis ná óna chroí go hiomlán; níor thug sé cul leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael.


agus na Iabúsaigh, na hAmóraigh, na Giorgáisigh,


Dúnfar amach as na sionagóga sibh; tá an t‑am ag teacht, fiú amháin, nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh gur ag déanamh réir Dé a bhíonn.


Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é.


Ní le dea-rún atá na daoine eile úd ag déanamh cúraim mhóir díbhse; níl uathu ach sinne a dhealú amach uaibh ionas go ndéanfadh sibhse cúram mór díobh féin.


Scrios dá bhrí sin na ciníocha go léir a chuirfidh an Tiarna faoi do láimh; ná bíodh trua ná taise agat dóibh; ná déan seirbhís dá ndéithe mar gur ghaiste duit sin.


Dúirt Sól: “Go ndéana Dia seo agus siúd liom, agus a thuilleadh de bhreis air, mura bhfaigheann tú bás, a Iónátán.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí