Oír ní dhéarnadar foghnamh dhuit ann a rioghacht, agus ar son do mhaitheasa móire thug tú dhóibh, agus a nfearuinn fhairsing mhéith do chuir tú as a ccuinne, níor fhilleadar ó na ndrochoibreachaibh.
Ghabh siad cathracha daingne, Agus tailte méithe; Fuair siad seilbh ar thithe a bhí lán d'ollmhaitheasaí, Ar thaiscumair thochailte, ar fhíonghoirt, agus ar luibhghoirt ológ, Ar chrainn torthaí go flúirseach. Chaitheadar bia, agus bhíodar sáitheach lán; Bhí orthu rian na dea-choda a thug tú dóibh go flaithiúil.
Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris, agus éachtaí an Tiarna a fhógairt, gach a ndearna an Tiarna ar ár son agus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael, gach ar bhronn sé orthu le barr dáimhe agus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.
Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ”
Chuir sí i gcoinne mo dheasghnátha, níos measa ná mar chuir na ciníocha; chuir sí i gcoinne mo reachtanna, níos measa ná mar chuir na tíortha máguaird; óir thug sí cúl le mo dheasghnátha agus níor shiúil de réir mo reachtanna.
ní foláir duit fónamh do na naimhde a sheolfaidh an Tiarna i do choinne, faoi ocras agus faoi thart, faoi nochtacht agus cheal gach ní. Cuirfidh sé cuing iarainn faoi do bhráid nó go scriosfar thú.
Nuair a thiocfaidh cith urchóidí agus tubaistí sa mhullach orthu, tabharfaidh an laoi seo fianaise ina n‑aghaidh, óir mairfidh sí beo i mbéal a sleachta. Óir inniu féin, sula dtugaim isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, is eol dom cad tá á thaibhreamh dóibh ina n‑aigne.”